Skip to main content

Séasúr ealaíona agus cultúr na hÉireann sa Ghearmáin le linn 2024

Tioscnamh de chuid Chultúr Éireann agus Ambasáid na hÉireann sa Ghearmáin

Ceiliúradh a bheidh in Zeitgeist Irland 24 ar shaibhreas agus éagsúlacht chultúr comhaimseartha na hÉireann. Ó mhóruaisle liteartha síos trí na blianta, go ceol traidisiúnta na hÉireann, rince agus léirithe a chonacthas ar fud an domhain, bhí cáil riamh ar ealaíontóirí na hÉireann as teorainneacha a shárú.

Ag insint scéalta agus eispéiris mhuintir na hÉireann, cuireann Zeitgeist Irland 24 glúin nua d’ealaíontóirí Éireannacha os comhair lucht féachana sa Ghearmáin, ag leanúint ag briseadh teorainneacha agus ag tógáil ar ár gcáil dhomhanda maidir le sármhaitheas cultúrtha. 

Bígí linn sa Ghearmáin an bhliain seo chugainn do Zeitgeist Irland 24

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin Zeitgeist Irland 24 i mí an Mhárta 2023 le comhinfheistíocht €2 mhilliún i séasúr ealaíona agus cultúr na hÉireann sa Ghearmáin.