Skip to main content

Eolas faoi na himeachtaí

Loading Events

« All Events

Other Voices ag Haldern Pop

Cruthaíonn Other Voices comhar Éireannach/Gearmánach ag Haldern Pop 2024.

8 August - 10 August

North Rhine-Westphalia

Event Category:
Other Voices Haldern Pop by Rich Gilligan

Other Voices Haldern Pop by Rich Gilligan

I ndiaidh a gcomhair dhigitigh rathúil le Féile Pop Haldern in 2020, leanfaidh Other Voices ar aghaidh ag forbairt a gcomhair cheoil in Westphalia, Iarthar na Gearmáine. Le comhbhá agus fealsúnacht cheoil i gcoiteann, cuirfidh Other Voices clár comhoibríoch ar bun le Haldern Pop a chuirfidh ardán ar fáil do na healaíontóirí Éireannacha is ceannródaíche agus is éagsúla lena macasamhlacha Eorpacha agus Gearmánacha. Déanfar sruthú agus taifead ar an chomhar seo le haghaidh craolacháin ina dhiaidh sin, anseo agus sa Ghearmáin araon. I measc na gcomhar beidh an caidreamh spreagúil atá ag teacht chun cinn idir Susan O’Neill de chuid na hÉireann agus s t a r g a z e le Andre de Ridder.

Le 22 bliain anuas, tá Other Voices ag tabhairt ceoltóirí agus ealaíontóirí as gach cearn den domhan go Daingean Uí Chúis, Iarthar Chiarraí, chun amhránaíocht a dhéanamh. Ón chéad dlúththionól in 2001 go dtí an féile deireadh seachtaine atá ann inniu le ceol, amhránaíocht agus scéalaíocht i níos mó ná 20 ionad, is ócáid sheanbhunaithe é Other Voices i bhféilire cheoil na hÉireann anois; is imeacht é nár cheart de thaibheoirí nó lucht féachana a chailleadh amach air.

Tá Other Voices anois ina sraith teilifíse ceoil idirnáisiúnta, féile, agus imeacht turasóireachta ann féin, a dhéanann ceiliúradh ar chúrsaí áitiúla ar scála domhanda. Tá taisteal déanta ag Other Voices óna bhaile in Iarthar Chiarraí go Austin, Londain, Béal Feirste, Nua-Eabhrac, Cardigan i dtuaisceart na Breataine Bige, agus Beirlín, agus comhpháirtíochtaí agus caidrimh á gcruthú aige a mhaireann, a fhásann agus atá ag teacht faoi bhláth.

Bunaithe ag Philip King, ceoltóir, scannánóir, agus craoltóir, tá páirt glactha ag go leor ealaíontóirí cáiliúla in Other Voices cosúil le Paolo Nutini, The National, Arlo Parks, Hozier, Ellie Goulding agus go leor eile nach iad.

Ionad

Raum3 Konzertveranstaltungs GmbH
Lindenstraße 1b
46459 Rees-Haldern

Various Venues around the town
Rees-Haldern

Suíomh gréasáin ticéid nó imeachta