Skip to main content

Eolas faoi na himeachtaí

Loading Events

« All Events

Éiríocht: New Music from Ireland

‘Éiríocht: New Music from Ireland’ le Diatribe Records

Image: Diatribe Records

Image: Diatribe Records

Arna cur i láthair ag Diatribe Records, is sraith idirnáisiúnta é Éiríocht: New Music from Ireland a thaispeánann roghanna eile radacacha ar cad is “Éireannachas” ann.

Tarlóidh an dara eagrán de Éiríocht ar spáis taibhithe silent green Kulturquartier i mBeirlín ar an 24 Márta 2024.

Mar pháirt de chlár Éiríocht i mBeirlín tá cuid de na cumadóirí agus taibheoirí is iomráití go hidirnáisiúnta ó Éirinn agus ón Ghearmáin, ag cur saothair Éireannacha agus Ghearmánacha nua i láthair i gcláir chomhroinnte, ag taispeáint comhshaothar atá ann cheana féin le healaíontóirí atá lonnaithe i mBeirlín, agus ag cruthú naisc idir an dá saol níos leithne.

Is lipéad ceoil Éireannach neamhspleách é Diatribe Records don cheol nua.

Ó bunaíodh iad i mBaile Átha Cliath in 2007, tá caoga taifead iomráiteacha anois acu ina gcatalóg, agus déanann siad ionadaíocht ar son níos mó ná dhá chéad taibheoir, agus céad cumadóir, a bhfuil cuid acu ar na healaíontóirí is mó lena linn.

Is coimeádaí agus léiritheoir é an lipéad fosta ar an tsraith idirnáisiúnta Éiríocht: New Music from Ireland chomh maith leis an Diatribe Stage dhébhliantúil ag New Music Dublin.

Agus iad ag aimsiú ionaid shuntasacha le haghaidh cheoil thurgnamhaigh go domhanda, tugann Éiríocht léargas leathan do lucht féachana idirnáisiúnta ar shaol cheoil chomhaimseartha na hÉireann, agus béim á cur acu ar mhalartú comhoibríoch idir ealaíontóirí Éireannacha agus a macasamhlacha idirnáisiúnta.

Ionad

silent green Kulturquartier
Gerichtstraße 35
13347 Berlin

Suíomh gréasáin ticéid nó imeachta