Skip to main content

Eolas faoi na himeachtaí

Loading Events

« All Events

Happy Days le Samuel Beckett

Léiriúchán nua ar shárdhráma Beckett Happy Days, faoi stiúir Walter D. Asmus agus le Mary Kelly i bpríomhról

28 March - 6 April

Berlin

Event Category:

Don léiriúchán seo ar Happy Days le Samuel Beckett, oibríonn Walter D. Asmus go dlúth le nótaí, athruithe, nithe scriosta agus nithe breise ar roinnt léiriúchán roimhe seo nuair a d’obair sé i gcomhar le Beckett. Le hábharthacht nua i ngéarchéim aeráide an chine daonna, leis an tseans go bhfuil tubaiste romhainn, agus le dearcadh pearsanta Walter D. Asmus ar an dráma – lán le eolas oibre Beckett – beidh seo ina léiriúchán suntasach ar an tsárdhráma Beckett seo.

D’obair Walter D. Asmus ag an Schiller Theater i mBeirlín mar stiúrthóir cúnta, cúntóir comhairleoireachta amharclainne, agus stiúrthóir go luath sna 1970dí. Is ann a bhuail sé le Samuel Beckett in 1974, agus in 1975 bhí mar chúntóir aige ar léiriúchán cáiliúil Waiting for Godot. D’obair sé le Beckett ar chuid mhór léiriúchán amharclainne agus teilifíse roimh bhás an údair in 1989.

Tá gach dráma Beckett stiúrtha aige go hidirnáisiúnta. Rinneadh a léiriúchán 1991 de Waiting for Godot ag Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath, le Barry McGovern, Johnny Murphy, Alan Stanford, agus Stephen Brennan, a athléiriú roinnt uaireanta leis an chliar chéanna go dtí 2008. Chuaigh an dráma ar camchuairt go domhanda, agus sna Stáit Aontaithe in 1998 agus in 2006 araon. Ar deireadh, chuaigh an dráma ar chamchuairt mhór ar fud na hÉireann (32 chontae), leis an léiriúchán deireanach ar 3 Deireadh Fómhair, 2008, agus rinne léirmheastóirí agus an lucht acadúil araon cur síos air mar “chríochnúil”.

Is é English Theatre Berlin | International Performing Arts Center an t-aon eagraíocht léiriúcháin agus taispeána i bpríomhchathair na Gearmáine atá tiomanta go sainiúil don Bhéarla, lingua franca an 21ú hAois, mar an teanga oibre, agus mar dhroichead idir cultúir, tíortha, agus traidisiúin. Téann siad i gcomhar le cainteoirí Béarla, dúchasach agus neamhdhúchasach araon, chun malartú leanúnach a bhaint amach idir ealaíontóirí le cúlraí difriúla a thugann spreagadh agus tionchar dá chéile chun rud nua a chruthú le chéile.

Baineann siad úsáid choinsiasach as amharclannaíocht agus léiriúchán mar fhoirmeacha beo dioscúrsach chun ealaíontóirí agus an lucht féachana a chur i gcomhrá le chéile faoina gcathair chomhroinnte agus ár ndomhan i gcoitinne.

Ionad

English Theatre Berlin | International Performing Arts Center
Fidicinstrasse 40
10965 Berlin

Suíomh gréasáin ticéid nó imeachta