Skip to main content

Zeitgeist Irland 24 – Séasúr ealaíona agus cultúr na hÉireann ar fud na Gearmáine in 2024

8 December 2023

Sheol an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Micheál Martin TD, agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, Zeitgeist Irland 24

NO FEE PIC PIC JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY Tánaiste Micheál Martin, TD, and Catherine Martin, TD, Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, launch the Zeitgeist Irland 24 programme.

Sheol an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Micheál Martin TD, agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, Zeitgeist Irland 24, séasúr d’ealaíona agus de chultúr na hÉireann a bheidh ar siúl ar fud na Gearmáine le linn 2024.

Is comhpháirtíocht í Zeitgeist Irland 24 idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cultúr Éireann, ina spreagtar comhinfheistíocht straitéiseach de níos mó ná €2.5 mhilliún chun teagmháil chultúrtha na hÉireann leis an nGearmáin mar phríomh-chomhpháirtí san Eoraip a dhoimhniú. Sa tionscnamh nua cruthófar seo deiseanna nua d’ealaíontóirí agus do chuideachtaí ar fud na foirmeacha ealaíne feidhmiú ar fud na Gearmáine chomh maith lena líonraí teagmhála a fhorbairt. Oibreoidh Ambasáid na hÉireann i mBeirlín, an tArd-Chonsalacht in Frankfurt, agus Turasóireacht Éireann in éineacht le Cultúr Éireann chun an clár a chómhaoiniú, a phleanáil agus a sheachadadh.

Ag teacht le huaillmhian Éire Dhomhanda 2025, tá Éire tiomanta dár láithreacht agus tionchar cultúrtha domhanda a neartú agus tugann sí tosaíocht straitéiseach do na healaíona agus don chruthaitheacht mar phríomhléiriú ar ár bhféiniúlacht. Tionscnamh suaitheanta faoin Straitéis is ea an clár straitéiseach cultúrtha seo a mhairfidh ar feadh bliana sa Ghearmáin.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Óglaigh, Micheál Martin TD:

“Germany has long been an important partner for Ireland – economically, politically and culturally. The ties between our two countries have been further strengthened in recent years through the implementation of joint action plans to enhance bilateral relations and EU cooperation.

“Tá ceangal láidir cultúrtha sa Ghearmáin le healaíona na hÉireann, go háirithe litríocht agus ceol. Ag tógáil ar an oidhreacht bhródúil seo, le linn Zeitgeist Irland 24 tabharfar glúin nua d’ealaíontóirí Éireannacha os comhair lucht féachana nua ar fud na Gearmáine an bhliain seo chugainn.

“Tá lúcháir ar mo Roinnse, go háirithe trínár nAmbasáid i mBeirlín agus tríd an Ard-Chonsalacht in Frankfurt, dul i gcomhpháirtíocht le Cultúr Éireann chun an séasúr coimeádaithe seo a chur i láthair i gcomhar le raon éagsúil institiúidí, ionaid agus féilte cultúrtha Gearmánacha.”

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

“Tá áthas orm clár Zeitgeist Irland 24 a sheoladh le mo chomhghleacaí an Tánaiste Micheál Martin. Sa chomhpháirtíocht iontach seo idir Cultúr Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Ambasáid Bheirlín tabharfar deis uathúil d’ealaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar a chur i láthair do lucht féachana na Gearmáine agus caidreamh fadtéarmach a fhorbairt le hionaid agus láithreoirí Gearmánacha. Sa chlár a fógraíodh inniu taispeánfar séasúr inspioráideach coimeádaithe d’ealaíona agus de chultúr comhaimseartha na hÉireann.

“Culture Ireland has responsibility for the promotion of Irish arts globally and along with Tourism Ireland, both of which operate within my Department, will provide funding over €1.5m for ZI24 in addition to the €1m being provided by the Department of Foreign Affairs. This is a significant investment by Government in the German market to enhance opportunities for Irish artists.”

Seolfar an clár tosaigh inniu ar www.zeitgeistirland24.com.

Tá níos mó ná 110 tionscadal bainteach le breis agus 400 ealaíontóir agus gairmí ealaíon deimhnithe cheana féin don séasúr, a bheidh ar siúl i mbreis is 100 cathair agus baile ar fud na Poblachta Cónaidhme, a chuimsíonn gach foirm ealaíne, agus ina mbeidh ealaíontóirí Éireannacha atá lonnaithe in Éirinn agus sa Ghearmáin, agus a gcomhoibritheoirí agus comhpháirtithe Gearmánacha.

Tugadh tosaíocht straitéiseach i gclár Zeitgeist Irland 24 do thógáil líonra cultúrtha as a dtáinig príomhléirithe le hinstitiúidí Gearmánacha mar Staatstheater Mainz, Féile Beochana Idirnáisiúnta Stuttgart, féile Transmediale, féile CTM, Hebbel-am-Ufer agus Literarisches Colloquium Berlin, i measc eile.

www.zeitgeistirland24.com will provide updates throughout the season on all events. Season highlights include Wallis Bird, Dead Centre, Pan Pan, Fishamble: The New Play Company, Other Voices, Opera Collective Ireland, Oona Doherty, Emma Martin/United Fall, Jessica Traynor, Irish Museum of Modern Art, Sarah Pierce and Diatribe Records.

Cuirfear tús le Zeitgeist Irland 24 i mór-imeacht ar an 18 Eanáir 2024 i mBeirlín ina dtaispeánfar tallann, saibhreas agus éagsúlacht na n-ealaíontóirí comhaimseartha Éireannacha le hoíche de léirithe trasna seánraí lena n-áirítear, Ye Vagabonds, Kate Ellis, Jennifer Walshe, Sheena McGrandles, Tara Erraught agus eile. Beidh sé seo ar an gcéad cheann i gclár bliana imeachtaí ar fud na Gearmáine ina gclúdófar raon disciplíní cruthaitheacha.