Skip to main content

Eolas faoi na himeachtaí

Loading Events

« All Events

Croílár Litríocht na hÉireann ag an LCB

Cónaitheacht ealaíontóra d’údair Éireannacha le léamha agus ceolchoirmeacha poiblí.

28 May - 18 November

Berlin

Event Category:
Photo by Tobias Bohm

Photo by Tobias Bohm

I rith Bhealtaine, Mheitheamh agus Iúil 2024 déanfaidh an LCB ceiliúradh ar gach gné de litríocht na hÉireann.

anfaidh ceathrar údar Éireannacha ag an LCB i rith na Bealtaine. Mar pháirt den chónaitheacht, léifidh an ceathrar acu óna leabhair is déanaí ag imeacht gairdín, agus déanfaidh siad plé orthu, agus ina dhiaidh sin beidh ceolchoirm le hamhránaithe is scríbhneoirí Éireannacha. Murar féidir leat a bheith i láthair ag an léamh, beidh an deis agat amharc ar shaothair na n-údar ar líne inár villa digiteach VOOO – Villa of One’s Own agus buaileadh leo go digiteach. I ndiaidh chuairt an ghrúpa beidh dhá imeacht – ceann amháin ag deireadh mhí Mheithimh, ceann eile ag tús mhí Iúil – le beirt údar Éireannacha eile.

Tá Literary Colloquium Berlin (LCB), atá suite ar chladach Lake Wannsee in iardheisceart Bheirlín, fréamhaithe go daingean i saol litríochta Bheirlín agus ag an am céanna tá tionchar aige i bhfad i gcéin ná an chathair. Ó bunaíodh é in 1963, chuir an LCB áit ar fáil don mhalartú litríochta, trialacha idirmheáin, plé bríomhar agus raon leathan imeachtaí poiblí – idir seoltaí leabhar, léamha agus réamhléirithe greannán, agus idir fhéilte taobh amuigh agus aonaigh leabhar gairdín d’fhoilsitheoirí neamhspleácha. Is é an LCB an t-aon institiúid litríochta sa Ghearmáin, agus cuireann sé seomraí aíochta ar fáil chomh maith le cláir chónaitheachta ealaíontóra do scríbhneoirí agus aistritheoirí ón Ghearmáin agus ó thíortha eile.

Ionad

Literarisches Colloquium Berlin e.V.
Am Sandwerder 5
14109 Berlin

Christian-Morgenstern-Museum
Hoher Weg 150
14542 Werder (Havel)

Suíomh gréasáin ticéid nó imeachta