Skip to main content

Eolas faoi na himeachtaí

Loading Events

« All Events

The War of Love in Baroque Opera

Tá Opera Collective Ireland agus an Akademie für Alte Musik Berlin ag léiriú Dido & Aeneas le Purcell agus Venus & Adonis le John Blow ag Kammeropera Schloss Rheinsberg 2024.

9 August - 11 August

Event Category:
Anna Devlin as Poppea in Agrippina. Photo: Frances Marschall

Anna Devlin as Poppea in Agrippina. Photo: Frances Marschall

Tá Opera Collective Ireland agus an Akademie für Alte Musik Berlin ag léiriú Dido & Aeneas le Purcell agus Venus & Adonis le John Blow ag Kammeropera Schloss Rheinsberg 2024.

Tá Opera Collective Ireland agus an Akademie für Alte Music Berlin ag léiriú The War of Love in Baroque Opera mar pháirt den fhéile spreagúil, Féile Kammeroper ag Schloss Rheinsberg. Agus iad ag léiriú dhá cheann de na ceoldrámaí luatha is bríomhaire – Venus agus Adonis le John Blow, agus Dido agus Aeneas le Henry Purcell – tá an comhlacht ag dul i gcomhar leis an cheolfhoireann bharócach a bhfuil cáil dhomhanda uirthi, Akamus, agus an ensemble gutha ceoil luath Sestina Musik, lenar léirigh siad The Return of Ulysses (Monteverdi) agus Semele (Handel) mar pháirt d’Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh roimhe seo.

Beidh an léiriúchán leath-stáitsithe seo, ina léireofar na hamhránaithe ceoldráma Éireannacha is fearr, faoi cheannas Patrick Mason agus faoi stiúir Christian Curnyn agus tarlóidh sé san amharclann iontach ag Schloss Rheinsburg, atá 250 bliain d’aois, mar pháirt den fhéile idirnáisiúnta – Kammeroper Schloss Rheinsburg 2024.

Tá an soprán Anna Devin agus an baratón Benjamin Russell sa chompántas mar Venus & Adonis.

Is é atá mar chuspóir ag Opera Collective Ireland ná an chéad ghlúin eile d’amhránaithe ceoldráma de chuid na hÉireann a ardú trí léiriúcháin d’ardchaighdeán a chur ar bun a chuireann deiseanna taibhithe luachmhara i mór-róil ar fáil, chomh maith le timpeallacht oibre chothaitheach agus poiblíocht náisiúnta chun a ngairmeacha a chur chun cinn.

In 2024, beidh Opera Collective Ireland i mbun léiriúcháin cheoldráma ar feadh deich mbliana agus i rith an ama seo tá cáil bainte amach acu i measc luchta féachana agus léirmheastóirí araon. Ainmníodh iad ag na Irish Times Irish Theatre Awards (ITITA) don Cheoldráma is Fearr le haghaidh The Rape of Lucretia (2014) agus bhuaigh siad an duais don Léiriúchán is Fearr ag Dublin Fringe le haghaidh Agrippina le Handel (2015). Do léiriúchán 2022 de Semele le Handel (i gcomhar le Féile Ealaíon Chill Chainnigh/Akademie für Alte Music Berlin) ainmníodh iad do Stiúrthóir is Fearr (Patrick Mason), Dearthóir Feistis is Fearr (Catherine Fay), Soilsiú is Fearr (Paul Keoghan) agus Ceoldráma is Fearr agus bhí an-áthas orthu an duais don Cheoldráma is Fearr a bhuachan.

Rinne an Akademie für Alte Musik Berlin (Akamus) ceiliúradh in 2022 ar 40 bliain óna bhunú. Tá an ensemble, a bunaíodh i mBeirlín in 1982, anois ar cheann de na ceolfhoirne aireagail is fearr ar domhan a sheinneann ceol stairthreoraithe.

Le níos mó ná 35 bliana anuas, tá sraith síntiúis á seinm ag an cheolfhoireann sa Konzerthaus Berlin, agus tá a n-ilchumas léirithe arís agus arís acu le tionscadail cheolchoirme iontacha agus aistir cheoil spreagúla. Bíodh siad i Nua-Eabhrac nó Tóiceo, Londain nó Buenos Aires: bíonn an-tóir ar Akamus go rialta mar aoighrúpa ar na stáitsí ceolchoirme is tábhachtaí san Eoraip agus ar an domhan.

In 2011, bhí an deis ag grúpa amhránaithe óga ó Chór Óige Uladh (Cór Náisiúnta Óige Thuaisceart Éireann anois) obair a dhéanamh leis an stiúrthóir a bhfuil clú domhanda air, Paul McCreesh, agus an cuntraiteanór Mark Chambers agus iad ag ullmhú do léiriúchán Proms suntasach ar Elijah le Mendelssohn sa Royal Albert Hall i Londain. Bhí na hamhránaithe chomh spreagtha sin ag an taithí a bhí acu ar a bheith ag obair le ensembles agus aonréadaithe proifisiúnta, gur chinn sin a n-ensemble féin a bhunú i dTuaisceart Éireann a bhí dírithe ar mheantóireacht agus forbairt a dhéanamh d’amhránaithe ardaidhmeannacha proifisiúnta óga, agus d’eascair Sestina Music as sin.

Faoi stiúir Mark Chambers, d’fhorbair Sestina Music go gasta ina ensemble a bhfuil cáil an bharr feabhais agus na barántúlachta orthu agus iad ag seinm cheoil luaithe chomh maith le cur chuige úr agus nuálach i leith clárúcháin.

Ionad

Schloß Rheinsberg
Schloss Rheinsberg 2
16831 Rheinsberg

Suíomh gréasáin ticéid nó imeachta