Skip to main content

Oíche Oscailte Zeitgeist Irland 24 – Séasúr ealaíona agus cultúr na hÉireann ar fud na Gearmáine in 2024

18 January 2024

Anocht seolfaidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Micheál Martin TD, an chéad ócáid faoi Zeitgeist Irland 24, séasúr d’ealaíona agus de chultúr na hÉireann a bheidh … Continued

Photo: Sebastian Pfütze

Anocht seolfaidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Micheál Martin TD, an chéad ócáid faoi Zeitgeist Irland 24, séasúr d’ealaíona agus de chultúr na hÉireann a bheidh ar siúl ar fud na Gearmáine le linn 2024

Is comhpháirtíocht í Zeitgeist Irland 24 idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cultúr Éireann, ina spreagtar comhinfheistíocht straitéiseach de níos mó ná €2.5 mhilliún chun teagmháil chultúrtha na hÉireann leis an nGearmáin mar phríomh-chomhpháirtí san Eoraip a dhoimhniú.

Tá an clár iomlán ar fáil ar www.zeitgeistirland24.com.

Tá os cionn 120 togra, le níos mó ná 400 ealaíontóir agus daoine ag obair sna healaíona, deimhnithe don séasúr. Beidh siad ar siúl i gcathracha agus bailte ar fud na Poblachta Cónaidhme, le gach cineál ealaíon, le healaíontóirí Éireannacha atá lonnaithe in Éirinn agus sa Ghearmáin.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Óglaigh, Micheál Martin TD:

“Tá ríméad orm a bheith i mBeirlín le mo chomhghleacaí an Dr. Anna Lührmann, Aire Stáit Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine don Eoraip agus don Aeráid, chun séasúr cultúrtha na hÉireann sa Ghearmáin, Zeigeist Irland 24, a sheoladh, chun glúin nua d’ealaíontóirí Éireannacha a chur in aithne do lucht féachana na Gearmáine.

“Anocht, déanfar céiliúradh ar an dtogra cinniúnach seo a tharla mar thoradh ar an gcomhoibriú nuálaíoch idir an Roinn Ghnóthaí Eachtracha agus Cultúr Éireann.

“Le chéile, tá os cionn €2.5 milliúin infheistithe againn chun rannpháirtíocht chultúrtha na hÉireann a dhoimhniú sa Ghearmáin, atá mar chomhpháirtí luachmhar againn san Eoraip

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

“Guím gach rath ar Zeitgeist Irland 24. Níl aon imní orm ach go mbeidh ócáid na hoíche anocht thar barr, mar a bheidh an séasúr ar fad, le healaíontóirí iontacha Éireannacha ar an stáitse. Tá lúchár ar mo Roinnse, go háirithe trí Chultúr Éireann agus Turasóireacht Éireann, dul i mbun páirtnéireachta le hAmbasáid na hÉireann i mBeirlín chun an séasúr seo a leiriú i bpáirtíocht le réimse leathan institiúidí agus ionad cultúrtha Gearmánacha, mar aon le féilte.

“Sa tséasúr ealaíon Éireannaigh seo tabharfar deis uathúil d’ealaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar a chur i láthair do lucht féachana na Gearmáine agus caidreamh fadtéarmach a fhorbairt le hionaid agus láithreoirí Gearmánacha. Sa chlár a fógraíodh inniu taispeánfar séasúr inspioráideach coimeádaithe d’ealaíona agus de chultúr comhaimseartha na hÉireann.

“Tá freagracht ar Chultúr Éireann as ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain agus in éineacht le Turasóireacht Éireann, a oibríonn laistigh de mo Roinnse, cuirfidh siad maoiniú os cionn €1.5m ar fáil do ZI24 sa bhreis ar an €1m atá á sholáthar ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is infheistíocht shuntasach í seo ón Rialtas i margadh na Gearmáine chun deiseanna a fheabhsú d’ealaíontóirí Éireannacha.”

Tá ócáid oscailte Zeitgeist Irland 24 ar siúl sa Metropol i mBeirlín anocht, le liosta láidir d’ealaíontóirí Éireannacha ar an stáitse, ina measc:

  • An ceoltóir Aoife Ní Bhriain
  • An cumadóir Jennifer Walshe
  • An teanór Dean Power
  • An cóiréagrafaí agus rinceoir Sheena McGrandles
  • An file agus ceoltóir Adam Mohamed
  • An banna ceoil Ye Vagabonds
  • An cóiréagrafaí, ceoltóir agus rinceoir Tura

    Is féidir clár na hoíche anocht a fháil anseo.